Eolas Fúmsa!
Fáilte chuig mo spás slánaithe, suaimhnis agus scíthe!
Is é mo sprioc ná cúnamh a thabhairt duit teacht agat féin arís.
Tá mé ag obair le gach ní meitifisiciúil agus slánú le breis agus 25 bliain anois, rud a chuidigh go mór liom i mo shaol fhéin chomh maith le cúnamh a thabhairt do mo chuid cliant.
Faoi láthair tá mé ag cruthú mo Phaca Oracail féin ag tarraingt ar na taithí ó mo chuid oibre le breis agus 25 bliain anuas.
Tá go leor blianta taithí agam sa réimse slánaithe agus folláine de bharr mo chuid oibre mar Oibrí Iomasach Slánaithe, Cleachtóir Slánaithe, Comhairleoir Scileanna Saoil, Teiripeoir Fisiciúil Iomlánaíoch, Údar, Cainteoir, Múinteoir Ióga agus Macnaimh, Éascaitheoir Tearmainn agus Ciorcail Slánaithe Mná.
Cuireann mé mo chroí isteach i mo chuid oibre agus bíonn gach seisiún léitheoireachta nó slánaithe oiriúnaithe do riachtanais an chliaint ag an am. Díríonn mé isteach ar an méid a insíonn tú dom i rith an chomhairliúcháin agus cuirim é sin agus an méid a bhraithim féin le chéile ionas go mbeimid in ann aontú ar sprioc an t-seisiúin.
Mo mhana ná ‘Cuidiú leat chun cuidiú leat féin’ mar creidim go bhfuil sé i gcumas gach duine iad féin a shlánú agus a gcumhacht féin a úsáid! Beagán cúnamh a bhíonn de dhíth chun daoine a chur ar an mbóthar ceart arís.
I rith na bliana bíonn mé i m’éascaitheoir ar Thearmainn Cumasaithe agus Slánaithe, Folcadáin Fuaime, seisiúin EFT gach seachtain agus Ciorcail Slánaithe Pobail chomh maith le Ciorcail Ghealaí agus Lánghealaí. Freisin bím i mbun seisiún 1:1 agus seisiún Cumhartheiripeora Cliniciúil agus Spioradálta. Is féidir liom olaí agus spraeanna oiriúnaithe a chur ar fáil de réir riachtanas na gcliant. Déantar iad seo trí chomhairliúchán, macnaimh agus slánú as pirimid copair i gConamara, áit ina ndéantar Teiripe Leaba Criostail, Slánú Fuaime agus Tearmainn Lae freisin.
I measc na dteiripí a chleachtaíonn mé tá Slánú Iomasach, Léitheoireacht Cártaí Aingil agus Tarot, Obair Iomlánaíoch ar an gcorp, Slánú Fuaime 1:1, Teiripe Bithfhuinnimh agus Gabhlóg Thiúnála , Aura-Soma, Modh Oibre Saoirse Mothúcháin EFT, Treoir agus Slánú Aingil, Teiripe Fuinnimh Chomhtháite IET, Rahanni & Reiki, Reifléacseolaíocht, Cumhartheiripe Chliniciúil, Slánú Criostail, Ceardlanna agus Tearmainn, Macnaimh agus Ióga agus Saol!
Déantar na seisiúin slánaithe agus léitheoireachta Tarot os comhair a chéile ach is féidir iad a dhéanamh ar líne freisin trí Zoom, Microsoft Teams, Skype, ríomhphost nó ar an teileafón ach iad a iarradh ar Norah. Bíonn na Ciorcail Slánaithe seachtainiúla agus míosúla le fáil ar an mbealach céanna.
Déan teagmháil liom
Oibrím le m’iomas, mo chuid Treoraithe Spioraid, Criostail, Dathanna, Dea-bholaithe agus Fuaimeanna lena chinntiú go bhfaigheann tú an teiripe is fearr i gconaí.